← Bhíodh sé amuigh gach oíche mar ní raibh aon fhaitíos air. 🔊
← An oíche seo bhí sé ag teacht abhaile agus bhí a mháthair ina codladh roimhe. 🔊
← Bhí sé ag ithe a shuipéir taobh amuigh den doras, mar bhí an ghealach lán agus níor las sé aon lampa. 🔊
← Lean sé an fhear agus nuair a tháinig sé suas leis, thosaigh siad ag caint. 🔊
← Ba ghearr gur fhiafraigh sé dó cá raibh sé ag dúl, agus dúirt an fear leis go raibh sé féin agus a shlua ag dul ag bualadh báire le dream eile agus go raibh deifir air. 🔊
← Bhí an fear seo go maith ag bualadh báire agus chuaigh sé leis an bhfear sí. 🔊
← Nuair a tháinig siad go dtí an áit a raibh siad ag bualadh, d'fhiafraigh sé cé acu slua a rachfadh sé féin ag imirt leo. 🔊
← An chéad buille a thug sé, chuir sé amach é agus bhí an báire le slua Chonnachta ansin. 🔊
← Tháinig sé abhaile ag deireadh na bliana, agus níor inis sé do duine ar bith ca raibh sé. 🔊